[go: nahoru, domu]

Jump to content

Niall Ó Donnghaile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
The printable version is no longer supported and may have rendering errors. Please update your browser bookmarks and please use the default browser print function instead.
Infotaula de personaNiall Ó Donnghaile

(2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Bealtaine 1985
39 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
8 Meitheamh 2016 –
Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann

Toghcheantar: An Rolla Riaracháin
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Uladh
Coláiste Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach é Niall Ó Donnghaile, a rugadh agus a tógadh ar an Trá Ghearr, in oirthear Bhéal Feirste.

Toghadh é ina Ard-Mhéara ar Bhéal Feirste ar an 26 Bealtaine 2011, in aois 25 dó, rud a chiallaíonn gurb é an tArd-Mhéara is óige dá raibh ag an chathair riamh.[1] Tháinig Gavin Robinson mar chomharba air sa bhliain 2012.

Toghadh chun Seanad Éireann é i mí Aibreáin 2016.

Beathaisnéis

Rugadh Ó Donnghaile in oirthear Bhéal Feirste, agus fuair sé a chuid bunoideachais agus meanoideachais go léir trí mheán na Gaeilge. Rinne sé céim sa pholaitíocht ar Ollscoil.

Tá sé ina bhall de Shinn Féin ó bhí sé 16 bliain d'aois agus toghadh chun Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste i mí na Bealtaine 2011. [2]

Ba ghníomhaithe poblachtacha iad tuismitheoirí Uí Dhonnghaile freisin, agus cuireadh sa phríosún iad le linn na dTrioblóidí.[3]

Toghadh chun Seanad Éireann é i mí Aibreáin 2016.[4] Ar an Rolla Riaracháin atá sé.

Tagairtí