[go: nahoru, domu]

Jump to content

Kanteletar: Difríocht idir leaganacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.5.2) (róbat ag suimiú: ru:Кантелетар ag baint: hu:Kanteletar
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1: Líne 1:
[[Image:Kanteletar.jpg|thumb|upright|''Amhráin agus Véarsaí Ársa de chuid Mhuintir na Fionlainne'']]
[[Íomhá:Kanteletar.jpg|thumb|upright|''Amhráin agus Véarsaí Ársa de chuid Mhuintir na Fionlainne'']]
Is éard atá i gceist le '''Kanteletar''' ná díolaim [[filíocht]]a tíre a bhailigh [[Elias Lönnrot]] ar a chamchuairt in Oirthear na Fionlainne agus sa Chairéil. Is é teideal iomlán an leabhair ná ''Kanteletar, taikka Suomen Kansan Wanhoja Lauluja ja Wirsiä'' ("Kanteletar, nó: Amhráin agus Véarsaí Ársa de chuid Mhuintir na Fionlainne"). Is í an difríocht idir [[Kalevala]] agus Kanteletar gur laoithe [[Eipic|eipiciúla]] atá in Kalevala agus baint acu leis an miotaseolaíocht Fhionlannach, nuair is dánta líriciúla nó stairiúla iad na dánta in Kanteletar. Tháinig an chéad leagan de Kanteletar i gcló sa bhliain 1840. Dhá bhliain roimhe sin, casadh an seanchaí mná Mateli Kuivalatar ar Lönnrot in [[Ilomantsi]], agus fuair sé an chuid ba mhó d'ábhar na díolama uaithise.

Leagan ó 03:12, 23 Feabhra 2011

Amhráin agus Véarsaí Ársa de chuid Mhuintir na Fionlainne

Is éard atá i gceist le Kanteletar ná díolaim filíochta tíre a bhailigh Elias Lönnrot ar a chamchuairt in Oirthear na Fionlainne agus sa Chairéil. Is é teideal iomlán an leabhair ná Kanteletar, taikka Suomen Kansan Wanhoja Lauluja ja Wirsiä ("Kanteletar, nó: Amhráin agus Véarsaí Ársa de chuid Mhuintir na Fionlainne"). Is í an difríocht idir Kalevala agus Kanteletar gur laoithe eipiciúla atá in Kalevala agus baint acu leis an miotaseolaíocht Fhionlannach, nuair is dánta líriciúla nó stairiúla iad na dánta in Kanteletar. Tháinig an chéad leagan de Kanteletar i gcló sa bhliain 1840. Dhá bhliain roimhe sin, casadh an seanchaí mná Mateli Kuivalatar ar Lönnrot in Ilomantsi, agus fuair sé an chuid ba mhó d'ábhar na díolama uaithise.

Tá trí "leabhar", nó trí bhailiúchán, in Kanteletar. Sa chéad bhailiúchán atá na dánta ar a dtugann Lönnrot "na hamhráin choitianta". Tá an bailiúchán seo féin roinnte ina bhfo-bhailiúcháin éagsúla: na hamhráin uilechoitianta, amhráin an lucht bainise, amhráin na dtréadaithe agus amhráin na bpáistí. Sa dara "leabhar" atá na dánta líriciúla atá "na hamhráin speisialta", agus iad féinn roinnte de réir na gcineálacha daoine ónar breacadh síos iad: amhráin na gcailíní, amhráin na mban, amhráin na mbuachaillí agus amhráin na bhfear. Sa tríú leabhar atá dánta stairiúla, bailéid agus dánta a bhfuil eilimintí líriciúla agus eipiciúla iontu.

Fuair Lönnrot na dánta sa chéad dá "leabhar" san Fhionlainn. An t-ábhar atá sa tríú bailiúchán, áfach, tháinig an chuid is mó de as an gCairéil Rúiseach. Rinne Lönnrot leasuithe móra ar an tríú bailiúchán seo nuair a tháinig an tríú heagrán i gcló sa bhliain 1887. Na leaganacha de Kanteletar a fhoilsítear inniu, áfach, cloíonn siad leis an gcéad eagrán, cé go gcuirtear dornán dánta as an tríú heagrán leis an tríú "leabhar" mar aguisín.