The printable version is no longer supported and may have rendering errors. Please update your browser bookmarks and please use the default browser print function instead.
Tá tréimhse níos faide caite aige mar Phríomh-Aire ná mar a chaith duine ar bith eile de cheannairí Pháirtí Lucht Oibre na Ríochta Aontaithe.
Conspóidí
Abhcóide é chomh maith le polaiteoir agus níorbh údar iontais é gur léirigh sé scileanna an dá ghairme mar chosaint ar chinnidh a rinne sé mar Phríomh-Aire.[1]
Tá meas ag roinnt in Éirinn air de bharr gurbh é Rialtas Blair a shínigh Comhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998. Náire shaolta é ag daoine eile a mhaíonn gur chóir é a chúiseamh i ngeall ar chogadh na hIaráice.[1] Mhaígh Blair fiú ag an am go bhféadfadh Saddam Husseim an Ríocht Aontaithe a ionsaí agus airm cheimiceacha aige (bréag a bhí ann). Cúpla bliain ina dhiaidh sin, tharraing na meáin aird ar leith ar ráiteas amháin ó Blair, i nóta a chuir sé chuig Uachtarán na Stát Aontaithe, George W Bush, go mbeadh sé leis, pé rud a tharlódh, “I will be with you, whatever", cé nach raibh fiosrúchán maidir le hairm ollscriosta críochnaithe fós ag na Náisiúin Aontaithe.[2]
Bhain Blair geit as daoine sa bhliain 2015, agus é ar scor, nuair a mhaígh sé ag fiosrúchán go dtitfeadh próiseas síochána Thuaisceart Éireann as a chéile sa bhliain 2007, murach na litreacha sóláis a seoladh chuig iarbhaill den IRA Sealadach a bhí ar a dteitheadh.[1]
I mí Dheireadh Fómhair 2021, ainmníodh Blair i bPáipéir Pandora.[3]
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.