[go: nahoru, domu]

Jump to content

Ré an Impiriúlachais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Impiriúlachas Nua)
Cecil Rhodes "From Cape to Cairo".

Tagraíonn an téarma Ré an Impiriúlachaisan tImpiriúlachas Nua d'fhorleathnú coilíneach a chuir cumhachtaí na hEorpa, na Stáit Aontaithe agus, ina dhiaidh sin, na Seapáine i bhfeidhm, le linn an 19ú agus an 20ú haois.

Chuir Eorpaigh suim sa chuid eile den domhan den chéad uair le linn taiscéalaíocht an 15ú Céad agus an 16ú Céad. Leanadar ag leathnú thar lear sa 17ú agus san 18ú Céad (An Bhreatain sna Stáit Aontaithe agus san India ach go háirithe). I ndiaidh ré Napoleon, idir 1815 go dtí thart ar 1870 tháinig laghdú ar an gcoilíneachas sa Bhreatain. Bhí tuairim ann sa tréimhse seo nach raibh puinn tábhachta ag baint le coilíneachtaí. Ach sna 1830idí, cuir na Francaigh tús leis an Impiriúlachas arís nuair a ghabhadh tír na hAilgéire.

Ó thart ar 1870 ar aghaidh, chuir cumhachtaí Eorpacha breis suime i gcoilíneachtaí san Afraic agus san Áise.

Cé gurbh iad na príomhiomaitheoirí chun coilíneachtaí a fháil sa tréimhse seo ná an Bhreatain, an Fhrainc agus an Ghearmáin, chuir tíortha Eorpacha eile chomh maith leis na Stáit Aontaithe agus an tSeapáin suim sa choilíneachas. Dá bharr seo tugtar Ré an Impiriúlachais ar an tréimhse idir 1875 agus 1914, agus b'fhéidir go dtí 1939. Lean an tréimhse ar aghaidh go dtí tús an Chéad Chogadh Domhanda: sé sin le rá, thart ar 1830 go dtí 1914. Tá an tréimhse inaitheanta toisc go raibh tóraíocht gan fasach chun críocha thar lear a fháil le linn na tréimhse seo. Ag an am seo, bhí tíortha dírithe ar thógáil a n-impireacht, le dul chun cinn agus forbairtí na teicneolaíochta nua, ag cur lena dtíortha trí choncas, agus trí leas a bhaint as a gcuid acmhainní.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]