Asterix
Is é Asterix ainm an phríomhcharachtair i sraith leabhar i bhfoirm cartúin do pháistí leis an údar René Goscinny (ag an tús). Is scéalta iad faoin ngaiscíoch beag Ceilteach, Asterix, agus a chara mór, Obelix, agus faoin trioblóid mhór a thug siad don arm Rómhánach.
Cineál | sraith úrscéalta grafacha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | René Goscinny agus Albert Uderzo |
Am tosaigh | 1959 |
Tréith | |
Seánra | alternate history comics (en) |
Foilsitheoir | Dargaud |
Carachtair | Asterix Geriatrix (en) Fulliautomatix (en) Panacea (en) Unhygienix (en) Dándírix Ogamaix Taoisix Obelix Glasaix Anticlimax (en) |
Suíomh scéalaíochta | An Ghaill |
Suíomh | asterix.com |
GCD | 85801 |
Thosaigh an tsraith ar an 29 Deireadh Fómhair 1959. Is féidir na scéalta a léamh i mbreis agus 100 teanga anois, an Ghaeilge ina measc.
Tá an-tóir ar Asterix sa Fhrainc go háirithe. Mar shampla, sa bhliain 2017, bhí ceant ar siúl i bPáras chun léaráidí d’Asterix agus Obelix a dhíol[1]. Bhí na pictiúir sínithe ag na daoine a chruthaigh na scéalta, Albert Uderzo agus René Goscinny. Fuair siad €1.2 milliún ar léaráid amháin agus €1.4 milliún ar léaráid eile.
Carachtair
cuir in eagarLeabhair
cuir in eagar- Asterix na nGallach
- Asterix agus an Corrán Óir
- Asterix agus Draoi na Bliana
- Asterix Gliaire
- Asterix agus Cléópatra
- Asterix agus Troid na dTreabh
- Asterix i dTír na Sasanach
- Asterix ar Pháirc an Chatha
- Asterix ag na Cluichí Oilimpeacha
- Asterix agus an Cealgaire
- Asterix i gCoill na Cinsealachta
- Asterix agus Coróin Labhrais Chaesair
- Asterix agus an Fear Feasa
- Asterix agus a Mhac
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Eleathanach, 16 Deireadh Fómhair 2017
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |