Corn Sacair an Domhain
Comórtas sacair idirnáisiúnta is ea Corn Sacair an Domhain (nó Corn FIFA an Domhain). Eagraíonn FIFA an comórtas gach ceithre bliana agus bíonn seans ag gach foireann sacair idirnáisiúnta a bheith páirteach. Bhuaigh an Fhrainc Corn an Domhain sa bhliain 2018, agus beidh an chéad cheann eile ar siúl i gCatar sa bhliain 2022.
- Féach ar Corn FIFA an Domhain 2022 don chomórtas reatha.
Tosaíonn an corn leis an gcomórtas cáiliúcháin, ina imríonn na foirne i gcoinne a chéile agus téann na buaiteoirí isteach sna cluichí ceannais. Ní bhíonn ach dhá fhoireann is tríocha sna cluichí ceannais, agus mar sin is luachmhar an duais é. Téann an fhoireann óstach agus na curaidh go díreach isteach sna cluichí ceannais. Cuirtear na foirne eile isteach i ngrúpaí beaga, agus leanann an dá fhoireann is fearr ar aghaidh. Ansin, is iomaíocht díbeartha í go dtí an cluiche ceannais.
As an aon comórtas is fiche a imríodh go dtí seo, tá an corn buaite ag ocht náisiún. Tá cúig bhua ag an Bhrasaíl, níos mó ná aon fhoireann eile, agus is iad an fhoireann amháin chun páirt a ghlacadh i ngach comórtas. Tá ceithre chorn buaite ag an Iodáil agus an Ghearmáin. Tá dhá bhua ag Uragua, an Airgintín agus an Fhrainc, agus tá ceann amháin ag Sasana agus an Spáinn. Is iad an Fhrainc curaidh an domhain faoi láthair.
Na Comórtais
cuir in eagar- Eochair
- ab — tar éis am breise
- pion. — ciceanna pionóis
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Ní raibh aon chluiche don 3ú háit go hoifigiúil sa bhliain 1930. Chaill S.A.M agus an Iúgslaiv sna cluichí leathcheannais, ach tá S.A.M aitheanta ag FIFA sa 3ú háit, mar gur éirigh siad ní ba fhearr sa chomórtas ina iomlán.
- ↑ 2.0 2.1 Ní raibh aon chluiche ceannais imeartha sa bhliain 1950. Rinneadh grúpa de cheithre fhoireann (Uragua, an Bhrasaíl, an tSualainn agus an Spáinn) agus bronnadh an corn ar an bhfoireann leis na pointí ba mhó. B'é an bua ag Uragua i gcoinne na Brasaíle an ceann cinniúnach, agus is é sin fáth gur feictear air mar "chluiche ceannais" an chomórtais. Mar an gcéanna, feictear ar bhua na Sualainne in aghaidh na Spáinne mar an cluiche don 3ú háit.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh oifigiúil an Choirn ar FIFA.com Curtha i gcartlann 2013-11-20 ar an Wayback Machine
- Coirn domhanda thar na mblianta Curtha i gcartlann 2014-06-18 ar an Wayback Machine
Is síol a bhaineann le spórt é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |