[go: nahoru, domu]

Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024

Reáchtáladh Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024 i bPáras idir 26 Iúil[1] - 6 Lúnasa 2024. Eagraíodh na cluichí idirnáisiúnta sa bhliain 1924 i bpríomhchathair na Fraince agus an uair sin bhí 22 spórt ar siúl, in aghaidh 28 in 2024. Bhí cluichí na bliana 2024 éagsúil ar bhealach amháin mar gur ar an uisce a bhí an Searmanas Oscailte seachas i staid ar thalamh tirim.[2] Ghlac 10,500 lúthchleasaí a bhí roghnaithe ag breis is 200 coiste náisiúnta páirt i 329 comórtas éagsúil.

WD Bosca Sonraí Comórtas SpóirtCluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Ainm oifigiúilJeux de la XXXIIIᵉ olympiade
Spiller vun der XXXIII. Olympiad Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fr) Jeux de la XXXIIIᵉ olympiade Cuir in eagar ar Wikidata
CineálCluichí Oilimpeacha an tSamhraidh Cuir in eagar ar Wikidata
ManaOuvrons grand les Jeux Cuir in eagar ar Wikidata
SonógOlympic Phryge (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ina bhfuil
lúthchleasaíocht ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024, badmantan ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024, cispheil ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024, boxing at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, breaking at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, cycling at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, sport climbing at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, fencing at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, peil ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024, gymnastics at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, galf ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024, weightlifting at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, handball at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, equestrian at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, field hockey at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, júdó ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024, wrestling at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, skateboarding at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, swimming at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, artistic swimming at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, modern pentathlon at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, canoeing at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, rowing at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, rugby sevens at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, diving at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, surfing at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, taekwondo at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, tennis at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, table tennis at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, triathlon at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, archery at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, shooting at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, sailing at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh, volleyball at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh agus water polo at the 2024 Summer Olympics (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíParis Organising Committee of the Olympic and Paralympic Games 2024 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtithe10,500 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit agus dáta
Tarlú329
Spórt oilimpeach32 Cuir in eagar ar Wikidata
ÁitPáras (Réigiún Cathrach Pháras) 48° 51′ 24″ N, 2° 21′ 08″ E / 48.8567°N,2.3522°E / 48.8567; 2.3522 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Eatramh26 Iúil 2024 – 11 Lúnasa 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Eagrán33  (2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Oscailte go hoifigiúil agEmmanuel Macron Cuir in eagar ar Wikidata
Mionn tugtha agMélina Robert-Michon
Florent Manaudou Cuir in eagar ar Wikidata
Toirse lasta agMarie-José Pérec
Teddy Riner Cuir in eagar ar Wikidata
Rangú
Torthaí Cuir in eagar ar Wikidata
Men's boulder-and-lead climbing combined ,  (1)Toby Roberts 155.2 pointí
Tuilleadh eolais
TuairisciúOlympic Broadcasting Services (en) Aistrigh
Eurosport (en) Aistrigh
Televisión Española (en) Aistrigh
France Télévisions (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter#Paris2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomholympics.com… Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: Paris2024 Twitter: Paris2024 Instagram: paris2024 LinkedIn: paris-2024-olympic-and-paralympic-games-bid Youtube: UCg4W1uf-i5X1nVaeWJsKuyA TikTok: paris2024officiel Cuir in eagar ar Wikidata

2020 Cuir in eagar ar Wikidata
2028 Cuir in eagar ar Wikidata
An Túr Eiffel

Eagraíocht

cuir in eagar

Bhí comórtas sna 28 spórt a bhí i dTóiceo in 2021 ar siúl i bPáras chomh maith le ceithre cinn eile a cuireadh leis na cluichí seo go speisialta – dreapadóireacht spóirt, clárscátáil, tonnmharcaíocht, agus den chéad uair riamh ag na cluichí Oilimpeacha, brisdamhsa.[3]

Ar an 26 Iúil 2024, reáchtáladh Searmanas Oscailte na gCluichí Oilimpeacha ar abhainn na Séine agus na céadta milliún ar fud na cruinne ag faire air, paráid lúthchleasaithe ar 94 bád ar stráice 6 chiliméadar d’abhainn an Seine. Bá mhór an ceiliúradh é, an chéad uair riamh nach istigh i staid a bhí an searmanas oscailte.[4][5] I dtús na pleanála bhí sé i gceist ticéid a thabhairt saor in aisce do 600,000 duine as an bpobal ach ar bhonn slándála athraíodh sin agus ní bheidh ag an ócáid anocht ach an 300,000 duine a bhfuil cuireadh oifigiúil faighte acu.[2]

Chuaigh an loingeas lena lasta lúthchleasaithe thar radharcanna mór le rá Pháras, amhail dánlann an Louvre agus ardeaglais Notre Dame, ag dul ar ancaire os comhair Trocadéro trasna na habhann ón Túr Eiffel mar a gcuirfear tús leis an seó mór féin.[2]

Bhí 133 lúthchleasaí ar fhoireann na hÉireann i bPáras, an fhoireann is mó riamh as an tír a cuireadh chuig do na cluichí Oilimpeacha. Bhí súil anonn le 25,000 lucht féachana as Éirinn ag an bhféasta spóirt, an Taoiseach ina measc.[6]

Mona McSharry a bhuaigh an chéad bhonn d’Éirinn nuair a tháinig sí sa tríú háit sa bhabhta ceannais i snámh brollaigh 100 méadar na mban sa La Défense Arena.[7]

Ar an 30 Iúil, thug an snámhaí Daniel Wiffen, 23 bliain d’aois, as Machaire Lainne sárthaispeántas sa snámh ceannais sa chomórtas snámh saorstíle 800 méadar, , go háirithe ag deireadh an ráis nuair a chuaigh sé chun tosaigh ar chách. 7:38.19 a thóg sé ar Wiffen an rás a bhuachan, an t-am is tapa fós ag aon chluichí Oilimpeacha.[8]

Sceimhlitheoireacht

cuir in eagar

Ar an 25/26 Iúil, bhí "ionsaí ollmhór" déanta sa bhFrainc ar an ngréasán iarnróid (an TGV), agus cuireadh as do 800,000 paisinéir dá bharr. Chuir coirloisceoirí trí lárionad (stáisiúin comharthaíochta) idir Páras agus cathracha timpeall na Fraince trí thine. Ní dhearnadh aon díobháil don iarnród soir ó theas, áfach, mar cuireadh stop leis na coirloisceoirí sula ndeachaigh siad chomh fada leis.[9]

Gach aon lá le linn na gCluichí, bhí 30,000 gendarme agus póilín ar dualgas sa gcathair. Faoi "Oibríocht Sentinelle" bhí 20,000 garda slándála príobháideach agus 10,000 saighdiúir ansin agus iad faoi réir le gníomhú gasta sa gcás go ndéanfaí ionsaí sceimhlitheoireachta. Bhí lár na cathrach clúdaithe le baracáidí agus criosanna a bhfuil srianta dochta i bhfeidhm iontu.[6]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Cuireadh tús le cluichí rugbaí seachtar-an-taobh agus spóirt eile timpeall 24 Lúnasa
  2. 2.0 2.1 2.2 "Tús á chur leis na Cluichí Oilimpeacha agus seó taibhsiúil geallta ar abhainn an Seine" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-26). Dáta rochtana: 2024-07-28.
  3. Bhí trí chomórtas spóirt a bhí i dTóiceo nach raibh ar an gclár i bPáras—bogliathróid, daorchluiche agus cearáité.
  4. "An Taoiseach i bPáras le Foireann Oilimpeach na tíre" (as ga) (2024-07-25). 
  5. "Tús á chur leis na Cluichí Oilimpeacha agus seó taibhsiúil geallta ar abhainn an Seine" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-26). Dáta rochtana: 2024-07-28.
  6. 6.0 6.1 "An Taoiseach i bPáras le Foireann Oilimpeach na tíre" (as ga) (2024-07-25). 
  7. "An chéad bhonn d’Éirinn ag na Cluichí Oilmpeacha buaite ag Mona McSharry" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-30). Dáta rochtana: 2024-07-30.
  8. "Bonn óir buaite ag Daniel Wiffen na hÉireann ag na cluichí Oilimpeacha" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-30). Dáta rochtana: 2024-07-30.
  9. Nuacht RTÉ (2024-07-26). "Coirloscadh ar ghréasán iarnróid ardluais sa bhFrainc" (as ga-IE).