[go: nahoru, domu]

Glas Naíon

comharsanacht i mBaile Átha Cliath

Is bruachbhaile mhór i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath í Glas Naíon.[1] Tá Glas Naíon suite i mbarúntacht na Cúlóige taobh amuigh de theorainneacha chathair Bhaile Átha Cliath agus is áit chónaithe don chuid is mó í anois, ach tá áiseanna eile ann cosúil le Garraithe Náisiúnta na Lus agus Reilig Ghlas Naíon.[2] Tháinig an t-ainm Glas Naíon ón fhocal Gluais, sruthán nó stream sa Bhéarla, agus ainmníodh an áit mar gheall ar an gcraobh-abhainn seo d'abhainn na Tulchann, Glas Naoidhean nó Glas Naíon mar a litrítear í sa lá atá inniu ann.[3] Ceaptar go gciallaíonn sé stream of infants sa Bhéarla ach níl na saineolaithe go hiomlán cinnte.[4]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilGlas Naíon

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 22′ 19″ N, 6° 16′ 02″ O / 53.371859°N,6.267357°W / 53.371859; -6.267357
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iaraonán críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
Údarás áitiúilComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1166174
 
Griangraf de chloigtheach i reilig Glas Naíon

Tosaíonn stair Glas Naíon thart ar an 5ú haois nó 6ú haois, beagnach ceithre chéad bhliain sula bunaíodh an chathair. I dtús báire, bunaíodh Glas Naíon mar mhainistir lonnaíochta do Naomh Mobhi i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Deirtear go raibh a lán naomh cáiliúla i mbun staidéar ar chúrsaí faoi Naomh Mobhi sa mhainistir sin, cosúil le Naomh Colmcille, Comgall, Canice agus Ciarán.[3]

Sna Meánaoiseanna, thosaigh pobail ag teacht chun cinn timpeall an mhainistir ach nuair a bhí na Lochlannaigh is na Danair ag teacht i dtír in Éirinn ón 9ú aois, rinneadar an-réabadh ar bhailte agus mhainistreacha na hÉireann, san áireamh mhainistir Ghlas Naíon.[3] Tharla an cath is mó in Éirinn i rith na mblianta sin agus i nGlas Naíon, tharla an cath cáiliúil Cath Chluain tarbh. Le linn an chath, bhí troid mhór ar siúl idir na Lochlannaigh agus na nGaeil a tharla in aice le abhainn ‘An Tulcha’  i 1014. Chloigh Brian Bóirmhe leis na Lochlannaigh sa chath seo ach bhí an throid go uafásach sin agus fuair na mílte bás.[5]

Tháinig na Normannaigh go hÉirinn sa 12ú haois agus chuaigh, rí na Normannaigh, Rí Henry, i gceannas ar phíosa talamh in Éirinn. Bhí Glas Naíon faoi smacht rí Henry agus ba é sin an tús a bhí leis an smacht dhíreach a bhí ag na Sasanaigh ar Éireann.[3]

Tar éis teacht na hAnglo-Normannaigh, D’athraigh talún Ghlas Naíon isteach ina mhainéar a bhí faoi úinéireacht ag an Priory of the Holy Trinity (Teampall Chríost)[6] agus bhí an sráidbhaile cosúil le baile eile sa Pháil. Bhí Teampall Chríost an-tábhachtach i stair agus i bhforbairt sráidbhaile Ghlas Naíon.

I rith an 17ú haois, bhí go leor fadhbanna ag tarlú ó cheann ceann na tíre mar thoradh ar chogaí Cromwell agus ar díláithriú na mainistreacha (Glas Naíon san áireamh). Bhí sráidbhaile Glas Naíon ag dul in olcas mar thoradh ar na fadhbanna ach atógadh an sráidbhaile i rith an 18ú haois agus bhí sé ina háit an-fhaiseanta.[3]

Rinneadh bailecheantar de Ghlas Naíon i 1878 agus tháinig sé mar chuid de Chathair Bhaile Átha Cliath i 1900. D’éirigh Glas Naíon níos measa don chéad leath den aois seo ach atógadh an sráidbhaile sa dara leath den aois seo.[3]

Sráidbhaile Glas Naíon sa Lá atá inniu

cuir in eagar

Sa lá atá inniu, is sráidbhaile mór agus forbartha í. Tá athrú mór tagtha ar an sráidbhaile thar na mblianta, agus tá sé mar pháirt de chathair Bhaile Átha Cliath sa lá atá inniu ann. Tá meascán do theaghlaigh óga, seanóir agus mic léinn a bhíonn ag freastal Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ina cónaí i nGlas Naíon. Tá an ceantar faoi bhláth san am i láthair leis na háiseanna go léir atá lonnaithe ann.

 
Grianghraf de theach gloine i nGarraithe Náisiúnta na Lus

Oideachas i nGlas Naíon

cuir in eagar

Tá ocht bhunscoil agus trí mheánscoil i gceantar Ghlas Naíon, le gaelscoil Scoil Mobhí ag an mbunleibhéal, Gaelcholáiste Scoil Chaitríona agus scoil riachtanais speisialta, Scoil Chiarain san áireamh.

Tá Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath suite i nGlas Naíon freisin. Cruthaíodh an institiúid i 1975 agus freastalaíonn thart ar 10,000 mac léinn uirthi.[7]

Reilig Ghlas Naíon

cuir in eagar

Is é Reilig Ghlas Naíon an reilig is mó sa tír seo. Tá a lán de na daoine is tábhachtaí i stair na hÉireann curtha ann, sé sin iad siúd a bhí baint acu le chúrsaí poblachtachas agus Chaitliceachas in Éirinn. Mar shampla, Dónal Ó’Conaill atá curtha sa reilig agus tá cloigtheach tógtha i gcuimhne Dhónail sa reilig. Tá páirt lárnach a imirt ag reilig Ghlas Naíon mar gheall ar an stair a bhaineann leis agus na daoine atá curtha ann agus tarraingíonn an músaem atá suite sa reilig go leor turasóirí chun na reilige chomh maith.[3]

Garraithe Náisiúnta na Lus

cuir in eagar
 
Grianghraf de Mheitéareolaíochta na hÉireann

Bunaíodh Garraithe Náisiúnta na Lus i nGlas Naíon sa bhliain 1795, nuair a ghlac Sochaí Ríoga Bhaile Átha Cliath seilbh ar thalamh Ghlas Naíon. I dtús ama, an aidhm a bhí ag na Garraithe nó dearcadh eolaíocht talmhaíochta a chur chun cinn ach trí na mblianta, d’athraigh an aidhm ón eolaíochta talmhaíochta go dtí eolas a bheith ar chúrsaí luibheolaíochta. Sa lá atá inniu, bíonn an-tóir ag turasóirí ar Gharraithe Náisiúnta na Lus agus tá sé dhochreidthe ar fad.[8]

Met Éireann

cuir in eagar

Tá Ionad Meitéareolaíochta na hÉireann lonnaithe i nGlas Naíon atá mar cheanncheathrú Sheirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann. Bhí an fhoirgneamh deartha ag Liam McCormack i gcruth pirimide. Sa bhliain 1979, bhí an cheanncheathrún tógtha i nGlas Naíon ar Seanbhóthar

an Fhionnghlas.[9]

Pirimid na hEaglaise (Our Ladys of Dolours Church)

cuir in eagar

Tógadh Pirimid na hEaglaise i nGlas Naíon i 1881 mar Eaglais shealadach agus tar éis nócha bliain, atógadh an Eaglais go díreach mar a bhí. Tógadh an eaglais nua i gcruth pirimide in 1971 agus cé go raibh an phirimid conspóideach ag an am seo, tá páirt mhór a imirt aige i bpobal Ghlas Naíon i saol an lae inniu. [10]

Aiseanna agus clubanna

cuir in eagar

Tá CLG Na Fianna suite i gcroílár Ghlas Naíon agus bunaíodh an chumann i 1955. Cuimsíonn Na Fianna gach ghné den Chumann Lúthchleas Gael ó thaobh na cluichí gaelacha sé sin, iománaíocht, peil gaelach, camógaíocht, liathróid lámha agus cluiche corr a bhí go léir a imirt lastaigh den chlub.[11]

Tá go leor clubanna eile sa cheantar seo cosúil le Tolka Rovers, Cumann Cispheile Naomh Uinseann, Cumann Dornálaíochta Glas Naíon agus Club leadóige Ghlas Naíon.

Tá an chlub óige Foróige suite i nGlas Naíon freisin agus cuireann sé le cumas daoine óga forbairt a dhéanamh ar leibhéal sóisialta agus is áit sábháilte agus spraíúil í.[12]

Bunaíodh grúpa gasóga i nGlas Naíon in 1911 ar Bhóthar Bhaile Gall Thiar agus cheiliúir siad céad bliana i 2011. Tugann an grúpa seo deis do dhaoine óga forbairt a dhéanamh ar chúrsaí phraiticiúil sa cheantar.[13]

  1. Glas Naíon/Glasnevin | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-07-10.
  2. "'Glas Naíon'" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 O'Doherty, Tony. (2011). "A history of Glasnevin : its village, lands and people". Dublin: Original Writing. OCLC 751806121. 
  4. "Glasnevin" (as en) (2019-11-21). Wikipedia. 
  5. "Cath Chluain Tarbh" (as ga) (2019-04-23). Vicipéid. 
  6. "Teampall Chríost/Christ Church" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  7. "Dublin City University" (as en) (2019-12-01). Wikipedia. 
  8. "History | National Botanic Gardens of Ireland | The Office of Public Works" (en-US). Dáta rochtana: 2019-12-04.
  9. "Met Eireann | Dublin City Council". www.dublincity.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-04. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  10. "Parish History". www.glasnevinparish.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-01. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  11. "Who are Na Fianna? – CLG Na Fianna" (en-GB). Dáta rochtana: 2019-12-04.
  12. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". volunteering.force.com. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  13. "Glasnevin" (as en) (2019-11-21). Wikipedia.