James Hoban
B'ailtire Éireannach é James Hoban (t. 1758 - 8 Nollaig, 1831), a dhear roinnt foirgnimh poiblí in Éirinn agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. An t-éacht is mó a rinne sé ná an Teach Bán in Washington, D.C.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1762 Contae Chill Chainnigh |
Bás | 8 Nollaig 1831 68/69 bliana d'aois Washington, D.C. |
Áit adhlactha | Mount Olivet Cemetery (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ailtire |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Páiste | James Hoban Jr. |
Tús a shaoil
cuir in eagarTháinig Hoban ar an saoil i mBaile Mhic Dháith, baile beag in aice le Callainn, Contae Chill Chainnigh, agus tógadh é ar eastát an Iarla Bhaile Mhic Dháith ag Gráinseach Chuffe, áit inar fhoghlaim sé ceird na cearpantóireachta. Ina dhiaidh sin, fuair sé a chuid oideachais san ailtireacht ag Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.
Tar éis Réabhlóid Mheiriceá, d'fhág Hoban BÁC agus chuir sé faoi i Meiriceá.
Ailtireacht
cuir in eagarChuir Hoban bun le gairmréim mar ailtire i Philadelphia sa bhliain 1781.
An bhliain dár gcionn, thaisteal Hoban go dtí Carolina Theas, agus dhear sé roinnt foirgnimh ann, Teach Stáit Carolina Theas i gColumbia ina measc.
Sa bhliain 1792, b'é Hoban an buaiteoir i gcomórtas a cuireadh ar siúl chun dearthóir an árais uachtaránachta nua a roghnú, an Teach Bán mar a tugadh air níos déanaí. Bhí Hoban ar dhuine de na h-ailtirí maoirseachta a bhí ag obair ar Chnoc an Chaipeatóil in Washington, ag cur i gcrích scéimeanna a bhí deartha ag Dr. William Thornton.
Bhí plean Hoban bunaithe ar Theach Laighean i mBaile Átha Cliath[2], ach rinne sé foirgneamh dhá stór de, tar éis iarratas ó George Washington. Tógadh an foirgneamh idir na blianta 1793 agus 1800.
Chaith Hoban an chuid eile dá shaol in Washington, D.C., ag obair anois is arís ar fhoirgnimh poiblí agus scéimeanna rialtais eile, bóithre agus droichid ina measc.
Dhear Hoban, a deirtear, Rossenarra House in aice leis an tsráidbhaile Cill Mogeanna i gContae Chill Chainnigh chomh maith, sa bhliain 1824, ach is cosúil nach bhfuil sé seo fíor.[3]
Bhásaigh Hoban in Washington, D.C. ar an 8 Nollaig 1831.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Belcamp House" (as en) (2023-11-21). Wikipedia.
- ↑ whha.org (2014-05-04). "White House History | "James Hoban, Architect of the White House"". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-05-04. Dáta rochtana: 2024-07-15.
- ↑ "Rossenarra House" (as en) (2024-06-22). Wikipedia.