Milwaukee, Wisconsin
Is í Milwaukee an chathair is mó sa stát Wisconsin, i Stáit Aontaithe Mheiriceá. De réir an daonáirimh sa bhliain 2010, tá 594,833 duine ina gcónaí sa chathair. Tá an chathair suite i gcontaetha Milwaukee, Washington agus Waukesha. Tá Cavalier Johnson[1][2] ina m(h)éara ar an gcathair. Bunaíodh Milwaukee sa bhliain 1818. Is é an leasainm atá air ná "The German Athens" (An Aithin Ghearmánach), mar gheall ar an líon mór Gearmánach a shocraigh sa chathair.
Milwaukee, Wisconsin | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Leasainm | Cream City, Brew City agus Mil Town | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | Wisconsin | ||||
County of Wisconsin (en) | Contae Milwaukee | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 577,222 (2020) | ||||
• Dlús | 2,301.07 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 229,227 (2020) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Suite san aonán críochach staitistiúil | Milwaukee metropolitan area (en) | ||||
Cuid de | Oirdheisceart Wisconsin | ||||
Achar dromchla | 250.849328 km² | ||||
• Uisce | 0.7001 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch Michigan | ||||
Airde | 188 m | ||||
Ar theorainn le | St. Francis Mequon Menomonee Falls Brown Deer (en) Glendale River Hills (en) Whitefish Bay (en) Butler (en) West Milwaukee (en) Cudahy Wauwatosa Oak Creek West Allis Greenfield Shorewood (en) | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Juneautown (en) , Kilbourntown agus Walker’s Point (en) | ||||
Cruthú | 31 Eanáir 1846 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Milwaukee | Cavalier Johnson (2022–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 53200–53299, 53201, 53203, 53206, 53209, 53211, 53213, 53219, 53222, 53225, 53228, 53233, 53236, 53238, 53240, 53241, 53245, 53248, 53250, 53254, 53258, 53261, 53263, 53266, 53268, 53271, 53274, 53277, 53281, 53283, 53290, 53291, 53295 agus 53298 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 414 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | city.milwaukee.gov |
Stair
cuir in eagarBhí cónaí ar réigiún Milwaukee ar dtús ag na Mesquakies, Mascoutins, Potéouatamis agus an Winnebagos, grúpaí eitneacha Meiriceánacha Bundúchasacha. Ba iad na chéad Eorpaigh a thrasnaigh an réigiún seo ná misinéirí Francacha agus díoltóirí fionnaidh. Sa bhliain 1818, shocraigh Salomon Juneau, fear gnó Francach Ceanadach, i ngar don áit a bhfuil an chathair inniu, agus in 1846 cuireadh baile Juneau le chéile le dhá bhaile comharsanacha eile chun cathair Milwaukee a chorprú.
Chomh maith leis na Gearmánaigh, chuir Milwaukee fáilte freisin roimh inimircigh ón bPolainn, ón Iodáil, ó Éirinn agus ó Ghiúdaigh ó Lár agus Oirthear na hEorpa freisin. I 1910, bhí ceann de na céatadáin is airde de chónaitheoirí a rugadh thar lear sna Stáit Aontaithe ag Milwaukee (cosúil le Nua-Eabhrac).
Chuidigh líon mór Gearmánach agus inimircigh eile le daonra na cathrach a mhéadú le linn na 1840idí agus sna blianta ina dhiaidh sin.
Éireannaigh i Milwaukee
cuir in eagarTháinig an chéad dornán inimirceach Éireannach go Milwaukee sna 1830idí. Faoi 1848, nuair a ligeadh Wisconsin isteach mar stát don Aontas, ba de bhunadh Éireannach 15% de dhaonra Milwaukee.[fíoras?] Cosúil lena gcomhghleacaithe Gearmánacha, chabhraigh na hÉireannaigh leis an tionscal grúdaireachta beorach a fhorbairt i Milwaukee.
Chomh luath le 1839, chabhraigh dlíodóir, iriseoir agus fear gnó a rugadh i mBaile Átha Cliath, Hans Crocker, an Milwaukee Lyceum a sheoladh - réamhtheachtaí Mhúsaem Poiblí Milwaukee. Bhí sé ina mhéara ina dhiaidh sin, agus ina chomhpháirtí sa Milwaukee Manufacturing Company chomh maith.
Daoine cáiliúla
cuir in eagar- Thomas A. Steitz, ceimiceoir, (1940)
- Herbert Simon, eacnamaí, (1916-2001)
- Spencer Tracy, aisteoir, (1900-1967)
Comhchathracha
cuir in eagarNaisc Sheachtracha
cuir in eagarIs síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- ↑ https://city.milwaukee.gov/mayor; dáta rochtana: 8 Bealtaine 2022.
- ↑ https://city.milwaukee.gov/mayor/About; dáta rochtana: 19 Feabhra 2023.