[go: nahoru, domu]

Jump to content

Corp + Anam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióCorp + Anam
TírÉire
Bunteangaan Ghaeilge
Bealach teilifíseTG4
Líon séasúr2
Líon eipeasóidí8
Tuilleadh eolais
IMDB: tt1749056 Cuir in eagar ar Wikidata

Is clár dráma é Corp + Anam; craoladh dhá shraith den dráma ar TG4 sna blianta 2011 agus 2014. Tháinig an premiere amach ar TG4 ar 16 Feabhra 2011.

Sa chlár bíonn imscrúdú á dhéanamh ag beirt iriseoirí ar choireanna, le haisteoirí Maria Doyle Kennedy agus Diarmuid de Faoite.

In 2020, bhí an dráma díolta leis an seirbhís sruthaithe ‘SOONER', atá lonnaithe san Eilvéis, san Ostair agus sa Ghearmáin.[1]

Príomhcharachtair

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Carachtair Aisteoir Sraith Notáí
Cathal Mac Iarnáin Diarmuid de Faoite 1–2
Mairéad Mhic Iarnáin Maria Doyle Kennedy 1–2
Tom Tom Mac Ardghail 1
Séimí Mac Iarnáin Eanna O'Coileáin 1–2
Sorcha Nic Iarnáin Úna Ní Fhlatharta 1–2
Sarah O'Regan Linda Bhreathnach 1–2
Amy Ní Loideáin Níamh Ní Fhlatharta 1
Deidre Ní Thuathail Kate Nic Chonaonaigh 1–2
Micheál Ó Cearbhaill Niall Mac Eachmharcaigh 1–2

Carachtair Eile

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Carachtair Aisteoir Sraith Notáí
Tony Byrne Paul McCloskey 1–2
Síobhán Griffin Mary Ryan 1
Gearóid Ó Duill Seán Ó Meallaigh 1
JD Myles Breen 1
Léitheoir Nuachta Áine Ní Dhroighneáin 1
Sraith Eipeasóidí Céad chraoladh Craoladh deireanach
1 4 16 Feabhra, 2011 9 Márta, 2011
2 4 27 Samhain, 2014 18 Nollaig, 2014
Uimhir # Eipeasóid Dáta craolta Lucht féachana
1 1 Eipeasóid 1 16 Feabhra, 2011
Ní bheidh Mac Iarnáin sásta nó go rachaidh sé chuig bun an údair.
2 2 Eipeasóid 2 23 Feabhra, 2011
Nuair a fhaightear fear óg, a thóg na Gardaí, caillte sa chillín féachann Mac Iarnáin dul go dtí bun an údair.
3 3 Eipeasóid 3 2 Márta, 2011
Nuair a thagann scéal isteach i stáisiún nuachta eile faoi phornagrafaíocht leanaí, cuireann Cathal a iníon i mbaol chun a cháil féin a chosaint.
4 4 Eipeasóid 4 9 Márta, 2011
Fiosraíonn Cathal scéal inar bhásaigh máthair óg agus a páiste. Faigheann sé amach go raibh faillí mhór á dhéanamh ar pháistí ag na Seirbhísí Sláinte.
Uimhir # Eipeasóid Dáta craolta Lucht féachana
5 1 Eipeasóid 1 27 Samhain, 2014
Ainneoin achainí na nGardaí scaoiltear John Glynn, coirpeach a mharaigh agus a d'éignigh bean óg, amach ar bannaí. Tá milleán mór ag daoine ar Chathal agus brú air dá bharr. Cuireann sé an té is gaire dó i mbaol agus é ag déanamh a dhíchill an coirpeach contúirteach seo a shárú.
6 2 Eipeasóid 2 4 Nollaig, 2014
Bíonn Natalie Boner, cailín óg as Dún na nGall, sásta nuair a chiontaítear an Sagart Mathew King in ionsaí gnéis a dhéanamh uirthi nuair a bhí sí ag an scoil. Nuair a fhiosraíonn Mac Iarnáin an cás faigheann sé amach gur lean an t-aturnae i bhfad ródhaor ise agus íospartaigh eile. Cuireann Cathal ina luí ar an gcainéal an scéal a chraoladh ach ní bhíonn sé i bhfad go mbíonn an teanga caillte ag a chuid foinsí.
7 3 Eipeasóid 3 11 Nollaig, 2014
Éiríonn le Mac Iarnáin an ceann is fearr a fháil ar na haturnaetha cama a bhí ag iarraidh an feirmeoir John McGuire a chur d'fheirm a mhuintire ach cuirtear é féin sa phríosún mar gheall air. Iarrann sé ar Mhairéad cúnamh a thabhairt dó ach an mbeidh fonn uirthi aghaidh a thabhairt ar na breithiúna agus a post a chur i mbaol?
8 4 Eipeasóid 4 18 Nollaig, 2014
Seasann Mags an fód i gcoinne na n-aturnaetha cama a bhíonn ag iarraidh í a chur amach as a teach agus dá talamh. Bagraíonn na seirbhísí uchtála a páiste a bhaint uaithi mura ngéillfidh sí. Cuireann glaoch gutháin nach raibh súil aici leis faitíos ar Mhairéad. Féachann na breithiúna le Cathal a chiúnú. Caithfidh sé a shocrú an bhfuil sé leis an méid a gheall sé do Mags a dhéanamh nó é féin a thabhairt slán. Bíonn uafás ar Sarah nuair a thagann an fhírinne chun solais.
  1. Conradh na Gaeilge, Londain (8 Lúnasa 2020). "Nuacht Mhall (Ciarraí)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-10-21.