[go: nahoru, domu]

Jump to content

Séabú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSéabú
Bos primigenius indicus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeMammalia
OrdArtiodactyla
FineBovidae
GéineasBos
SpeiceasBos taurus
FospeiceasBos primigenius indicus Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1758
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Bos indicus
Bos indicus gudali
Bos taurus indicus Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is séabú[1] ann ná eallach clóis i ndeisceart na hÁise agus codanna den Afraic. De ghnáth le dath buídhonn, liath, dubh nó donnrua. A adharca bun os cionn is a chluasa crochta. Cruit gheireach ar na guaillí, craiceann trom ar crochadh anuas ón scornach. De réir traidisiúin, beannaithe san India. Níos frithsheasmhaí do ghalair thropaiceacha ná póir Eorpacha. Tugtar eallach Bráman orthu freisin. Crosphóraithe le heallach i dtíortha thart ar Mhurascaill na Peirse.[2]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): séabú” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-28.
  2. Hussey, Matt (2011). "Séabú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 587.