Tomm Moore
Cuma
Déantóir scannán, beochantóir, agus maisitheoir agus scríbhneoir leabhar grafach Éireannach is ea Thomas "Tomm" Moore a rugadh ar 7 Eanáir 1977 in Iúr Cinn Trá. Is comhbhunaitheoir Cartoon Saloon é, stiúideo beochana agus comhlacht léiriúcháin atá suite i gCill Chainnigh. Is iad an chéad phríomhscannán a rinne sé ná Rún Cheanannais Mhóir (2009), a stiúir sé in éineacht le Nora Twomey, agus Amhrán na Mara (2014). Mhol na léirmheastóirí an dá scannán, agus ainmníodh iad do dhuaiseanna an Acadaimh mar Phríomhscannán Beochana Is Fearr.