Cléire
Cineál | Oileán agus An Ghaeltacht | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 12977 | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Chorcaí, Éire | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mhuir Cheilteach | |||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 160 m | |||
Toisí | 1.5 () × 3 () km | |||
Achar | 5.511 km² | |||
Suíomh gréasáin | capeclearisland.ie | |||
Oileán is ea Cléire[1] nó Oileán Chléire i ngar do Chontae Chorcaí in Éirinn. Tá breis is 100 duine ina gcónaí ar an oileán. Gaeltacht oifigiúil is ea é.
Is é Oileán Chléire, atá 3 mhíle ar fhaid agus míle ar leithead, an t-oileán is faide ó dheas in Éirinn a bhfuil cónaí ann. Tá sé 8 míle amach ó chósta Iarthar Chorcaí. Tá Carraig Aonair léi féin 3 mhíle siar ón oileán. Síneann Carn Uí Néid, an pointe is faide ó dheas ar an mórthír, siar ó thuaidh. Chothaigh AerachAiteachGaelach nasc le pobal an oileáin nuair a d'eagraigh Ruairí Ó Donnabháin agus a chomhghleacaithe Bród Chléire 2023, an chéad fhéile LADTAIÉ+ ar an oileán.
Gaeilge Chléire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir staidéar a dhéanamh ar chanúint an oileáin sa leabhar Seanchas Chléire le Conchúr Ó Síocháin agus sa leabhar Céad Fáilte go Cléire. Ceann de na shean-dírbheathaisnéisí Gaeltachta é an chéad cheann acu, agus cnuasach béaloidis ón oileán an dara ceann acu.
Bailte fearainn
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Baile Iarthach Theas
- Baile Iarthach Thuaidh
- Cnocán an Choimthigh
- Gleann Iarthach
- Gleann Meánach
- Gleann Oirtheach
- Coinnlín
- Crathach Thiar
- Crathach Thoir
- Cill Leice Fórabhain
- Lios Ó Móine
- Cnocán na mBairneach
- Gort na Lobhar
- An tArdghort
- Ceathrúna
- Comalán
Daonáireamh 2011
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir daonáireamh Poblacht na hÉireann 2011 tá cónaí ar 124 (fir, 63; mná, 61) duine ar oileán Chléire. Dúirt 88 duine (74.6% den daonra trí mbliana d'aois nó níos aosta) go raibh an Ghaelainn acu. Dúirt 40 duine (33.6%) go n-úsáidfidís an Ghaelainn go laethúil lasmuigh den chóras oideachais.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- http://oilean-chleire.ie/index Curtha i gcartlann 2015-07-21 ar an Wayback Machine
- Coláiste Phobal Chléire Curtha i gcartlann 2011-08-13 ar an Wayback Machine
- http://census.cso.ie/sapmap2011/Results.aspx?Geog_Type=SA&Geog_Code=047068001&CTY=18 Curtha i gcartlann 2016-03-05 ar an Wayback Machine
- Logainmneacha Chléire, Co. Chorcaí, Iml I, tráchtas PhD le Éamon Lankford, 1995
- Logainmneacha Chléire, Co. Chorcaí, Iml II, tráchtas PhD le Éamon Lankford, 1995
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Cléire/Clear Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.