[go: nahoru, domu]

Jump to content

AerachAiteachGaelach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAerachAiteachGaelach
Sonraí
Cineálcomharghrúpa ealaíontóirí Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibreealaín aiteach, Ealaín LADTAIÉ+, an Ghaeilge, drámaíocht, filíocht, Drag, ceabairé, ceol, gearrscannán, Scannánaíocht i nGaeilge agus coiméide Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinaerachaiteachgaelach.net Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: AerachG Instagram: aerachaiteachgaelach Youtube: UCB9C4_xIv9B8kV8erfMZ3aA Souncloud: aerach-aiteach-gaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Radharc oíche ar aghaidh fhoirgnimh dhá sraith le doras mór gloine ag oscailt amach ar an sráid. Tá daoine ina suí thuas staighre agus ag seasamh thart thíos staighre ag fanacht ar dhráma.
Amharclann na Mainistreach, an áit a gaireadh AAG le chéile den chéid uair

Comharghrúpa ealaíon Gaeilge is ea AerachAiteachGaelach (AAG[1]) agus breis agus 120 ealaíontóir aiteach ann,[2] idir scríbhneoirí, cheoltóirí, dhrámadóirí, ghrianghrafadóirí, thaibheoirí draig agus ealaíontóirí físe agus fuaime.[3] Chuir na filí Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy an grúpa ar bun ag tús 2020 in Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath[4] agus is iad an bheirt chéanna atá ag comhstiúradh an ghrúpa faoi láthair.[5]

Eagraíonn an grúpa ceardlanna idirghníomhacha le scríbhneoirí éagsúla.[6] Fuair siad maoiniú ó Fhoras na Gaeilge trí Scéim na Litríochta. Is é Stiofán Ó Briain Comhordaitheoir Ceardlann AerachAiteachGaelach.[5]

Cúlra ⁊ Fís[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar le Sam Ó Fearraigh, duine de scríbhneoirí Grindr, Saghdar agus Cher, is é faoi deara bhunú AAG ná "go mbíonn muid ag titim idir an dá stól i gcónaí"[7]:

Mionlach laistigh de mhionlach atá ionainn. I saol an Bhéarla samhlaítear an Ghaeilge - agus tá mé ag labhairt mar fhear Ghaeltachta - leis an seansaol, leis an saol traidisiúnta Caitliceach. Fiú san saol aerach agus aiteach, shílfeá go mbeadh daoine iontach leathanaigeanta [ach] bíonn claontaí áirithe ag daoine agus déanann siad talamh slán de nach bhfuil áit ag daoine aiteacha i saol na Gaeilge. Domhsa go pearsanta, bhí mé páirteach i gcúpla ócáid roimhe seo agus bím mar chineál ‘token Gael’, mar dhea, ag na hócáidí aeracha; agus b’fhéidir mar ‘token aerachán’ ag na hócáidí Gaelacha.[7]

Is í fís AAG ná "deiseanna forbartha, gréasán tacaíochta agus ardán a chur ar fáil d’ealaíontóirí LADTAIÉ+ na Gaeilge le gur féidir leo cur leis an ionadaíocht a dhéantar ar scéalta aiteacha i litríocht agus ealaíona na Gaeilge."[4] Is mian leo freisin "a dheimhniú arís don phobal aiteach ginearálta gur féidir bheith istigh a bheith acu i bpobal na Gaeilge".[4]

Luann siad an tábhacht a bhaineann le healaíontóirí aiteacha eile atá "tar éis cur le litríocht agus filíocht aiteach na Gaeilge" leis na blianta" cheana féin, mar shampla Micheál Ó Conghaile a scríobh Sna Fir in 1999. San úrscéal sin faoi Chonamarach óg aerach, caoineann an príomhcharachtar easpa scéalta faoi dhaoine dá leithéid a bheith le léamh aige.[4]

Thuigfinn ansin gur bhain an litríocht liom féin go díreach, go mba chuid díom féin agus de mo chúlra féin í, go mba dhaoine mar mé féin a bhí sna carachtair a mbeadh orm aistí a scríobh fúthu. Gur roinn muid na mothúcháin chéanna i leith an ghrá… Ach níor roinn. Cá raibh fáil agamsa i litríocht na Gaeilge ar bheirt fhear agus iad ag spallaíocht le chéile ag tórramh nó oíche airneáin nó lá pátrúin, ag titim i ngrá lena chéile agus ag gáire go hard. Nó dul amach mar lánúin, fiú ar an gcúlráid, ní áirím ag caitheamh saol fada sona sásta le chéile: ‘Mhair siad go sona sásta as sin amach. Má tá bréag ann, bíodh.’ Cá raibh siad?

Tionscadail[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Drámaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá le maíomh ag lucht na n-amharclann in AAG gur "i réimse na drámaíochta is mó atá an grúpa tar éis bláthú" agus "os cionn 1,500 duine tar éis freastal" ar na drámaí atá curtha i láthair acu go dtí seo.[8]

Is léiriúcháin de chuid AAG iad Idir Mise agus Craiceann do Chluaise, Grindr, Saghdar agus Cher, agus An Chos Eile.[4][9]

An Bál Aiteach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagraíonn Queercal Comhrá BhÁC agus AAG an Bál Aiteach as lámha a chéile i gClub an Chonartha do Bhród BhÁC gach bliain ó 2022 i leith, oíche a áirítear mar "an t-imeacht is galánta agus is glioscarnaí sa mbliain do phobal LADTAIÉ+ na Gaeilge."[10]

Is é bunús na mbál aiteach ná oícheanta ceiliúrtha a bhíodh ar siúl in Harlem sna 1980í ina dtiocfadh daoine ón bpobal gorm/dubh agus an pobal Meiriceánach Laidineach i láthair "le dul in iomaíocht i gcoinne a chéile i gcatagóirí éagsúla agus iad gléasta de réir téama ar leith. [...] Tá an spraoi lárnach sna himeachtaí pobail seo agus tá leigheas iontu freisin do dhaoine aiteacha a d’fhulaing go ciúin ar feadh na mblianta."[4][11] Luaitear tábhacht faoi leith leo do phobal aiteach na Gaeilge nó is annamh go bhféadfá "tagairtí a dhéanamh do Ru Pual agus Ros na Rún san anáil chéanna agus go dtuigfí go hiomlán duit."[12]

Beidh Bál Aiteach 2024 ar siúl ar 22 Meitheamh agus is iad na téamaí i mbliana ná "ExtravaGeansaí", "Dathanna an Chøntae", "Drag Caoineadh", agus "TG Leathair".[10]

D'eagraigh an dá ghrúpa chéanna cóisir ag an gceann eile den bhliain freisin in 2023, An Gala Aiteach i Mí na Nollag.[13]

Greann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Craoladh "Cluiche Snatch" mar chuid de Bhród 2021 ar leathanach YouTube AAG i gcomhar leis an Queercal Comhrá.[14] Bhí cead ag iarrthóirí nach raibh bainteach le ceachtar eagraíocht páirt a ghlacadh ann ach cur isteach air roimh ré.[15]

Is éard a bhí ann ná cluiche tobchumadóireachta grinn "ina ngléasann na rannpháirtithe mar charachtair cháiliúla agus ina bhfreagraíonn siad ceisteanna éadroma seafóideacha líon-an-bhearna."[16] Bhí sé bunaithe ar mhír mhór den tsraith cháiliúil Ru Paul's Drag Race, a dhéanann scigaithris aiteach den seó cluichí Meiriceánach The Match Show.[17]

Ar na hiomaitheoirí bhí Dean Farrell a rinne scigaithris de Chaitríona Pháidín ó Chré na Cille, Eoin P. Ó Murchú a chuir Fionn mac Cumhaill i láthair mar mhac léinn ó Choláiste Eoin, Jade Pepper agus í mar Cruella de Vil, Kitty Ní Houlihán mar Nadine Coyle, agus Rút Ní Theimhneáin faoi chló Kim Kardashian.[16] Kevin Johnston a léirigh an seó agus bhí sé ina moltóir freisin. "Hugh Paul" Mac Giolla Chearra a chuir i láthair é, bhí Hilary Bowen-Walsh ina moltóir, Eoin Mc Evoy a bhí ina eagarthóir air, agus thug Ciara Ní É agus Seán Grennan comhairle agus ceisteanna faoi seach.[16]

Thuil an clár ard-mholadh ó Antoin Beag Ó Colla.[18] Eisíodh baisc gifeanna ó Chluiche Snatch 2021 le n-úsáid ar na meáin sóisialta.[16]

Féilte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is minic baill d'AAG ag eagrú imeachtaí Bród ag Féile na Gealaí, an fhéile champála cheoil a bhíonn ar bun i Mí an Mheithimh.[19][20]

Cuan ar lá maith. Roinnt tithe le feiceáil agus maolchnoic os cionn an chuain.
An tInbhear, Cléire

Tionscadal Cónaitheachta 2024 ar Oileán Chléire[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí na Nollag 2023, d'fhógair AAG comhfhiontar idir iad féin agus Mheitheal Chléire chun sparánachtaí cónaitheachta a chur ar fáil d'ealaíontóirí le tabhairt fúthu ar Oileán Chléire ar feadh 10 lá agus obair ealaíona idir lámha acu trí Ghaeilge. Bhí sé i gceist go gcuiridís torthaí a saothair i láthair mhuintir an oileáin ag deireadh na tréimhse sin.[21] Ghlac siad inspioráid ó Afra-Thodhchaíochas leithéidí N.K. Jemisin, Octavia E. Butler, Jean-Michel Basquiat agus Ellen Gallagher agus téama an tionscadail á roghnú acu: An Todhchaíochas Gaelach.[22]

Is iomaí duine a chreideann nach bhfuil aon todhchaí amach roimh an nGaeilge ach oiread.

Tuigimidne a labhraíonn í go mbeidh, áfach, fad is beo dúinn féin agus fad is beo dár n-ealaín. Ach cén todhchaí í sin? Cén chuma atá uirthi? Conas is féidir leis an ealaín an todhchaí sin a shamhlú, a léiriú, a fhíorú?[22]

Fógraíodh buaiteoirí na sparánachtaí i Mí Feabhra 2024 agus chuaigh na healaíontóirí i isteach ar Oileán Chléire i Mí an Mhárta.[23]

Meitheal Téarmaíochta agus Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir AAG glaoch ar léiriú spéise amach i Mí an Mhárta, iad ag iarraidh grúpa daoine a chur le chéile "le focail a bhailiú agus a chumadh, paimfléid eolais a aistriú agus a scaipeadh, agus an Ghaeilge a aitiú ar bhealach comhintinneach." Ar na téamaí a luadh leis tá "caint na sráide/béal an phobail, meabhairshláinte, il-leannánachas, salachar cainte, teoiric na haiteachta, acmhainní téarmaíochta agus cúrsaí LADTAIÉ+".[24]

Gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Ainmníodh an dráma Grindr, Saghdar agus Cher i dtrí chatagóir i ngradaim IDGTF 2023, an chéad bhliain ar léiríodh dráma iomlán i nGaeilge mar chuid den fhéile." Is iad sin Gradam Oscar Wilde (feabhas scríbhneoireachta), Gradam Doric Wilson (idirphlé idir chultúir leis an amharclannaíocht) agus Gradam Eva Gore-Booth (feabhas aisteoireachta i ról baineann; Ciara Ní É a ainmníodh).[25]

In 2023, chrú AAG duais "i gcatagóir na nEalaíon agus na Siamsaíochta i ngradaim náisiúnta LADTA+ na nGALAS, éacht d'eagraíocht Ghaeilge agus iad san iomaíocht le grúpaí agus taibheoirí sa dá theanga ó cheann ceann na tíre"[26]

Chrú An Chos Eile le Seán Mac Donnagáin duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa chatagóir Dráma Aonghnímh in 2023.[27]

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léitheoireacht Bhreise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "AerachAiteachGaelach". www.cuirt.ie (2022-02-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-03-25. Dáta rochtana: 2024-03-16.
  2. AerachAiteachGaelach. "Ceardlann Scríbhneoireachta AAG i mBéal Feirste". Eventbrite. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Márta 2024. Dáta rochtana: 29 Márta 2024.
  3. "Pobal LGBTQ agus an Ghaeilge" (02 Márta 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Márta 2023. Dáta rochtana: 18 Márta 2023.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 4.5 Eoin Mc EvoyStiofán Ó Briain (06-2023). "Fianaise an chlaochlaithe". Comhar 11-13. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29-05-2023. Dáta rochtana: 2024-03-16.
  5. 5.0 5.1 "Coiste nua AAG ceaptha ag Oireachtas na Samhna". AerachAiteachGaelach (6 Samhain 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024. Dáta rochtana: 25 Márta 2024.
  6. "Seisiún Míosúil Scríbhneoireachta". AerachAiteachGaelach (08 Eanáir 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Márta 2024. Dáta rochtana: 29 Márta 2024.
  7. 7.0 7.1 Éanna Ó Caollaí (08 Bealtaine 2023). "‘Mionlach laistigh de mhionlach atá ionainn’". The Irish Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 08 Bealtaine 2023. Dáta rochtana: 2024-03-18.
  8. Eoin McEvoy (28 Bealtaine 2024). "Grá Don Ghaeilge agus Gliondar Aiteach i gComharghrúpa AerachAiteachGaelach". Waterford News & Star. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 10 Meitheamh 2024.
  9. "Dráma nua Gaelach, Aiteach ar siúl i mBÁC: An Chos Eile". RTÉ (27 Samhain 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14 Márta 2024. Dáta rochtana: 19 Márta.
  10. 10.0 10.1 "Bál Aiteach 2024". AerachAiteachGaelach (26 Aibreán 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 01 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 10 Meitheamh 2024.
  11. Seán Ó Dubhchon (17 Meitheamh 2024). "‘An Bál Aiteach’ ar siúl i BÁC amárach". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Meán Fómhair 2022. Dáta rochtana: 10 Meitheamh 2024.
  12. "Bál Bródúil, beárbaiciú, beor, bronnadh duaiseanna - buail isteach!". RTÉ (8 Meitheamh 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 08 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 10 Meitheamh 2024.
  13. "An Gala Aiteach". AerachAiteachGaelach (05 Nollaig 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Aibreán 2024. Dáta rochtana: 10 Meitheamh 2024.
  14. "Snatch Game as Gaeilge do Bhród 2021". RTÉ (23 Meitheamh 2021). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Meitheamh 2021. Dáta rochtana: 11 Meitheamh 2024.
  15. "Rannpháirtithe á lorg don chéad ‘Chluiche Snatch’ i nGaeilge". NÓS (31 Márta 2021). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 11 Aibreán 2021. Dáta rochtana: 11 Meitheamh 2024.
  16. 16.0 16.1 16.2 16.3 "Seó grinn: Cluiche Snatch 2021". AerachAiteachGaelach (26 Meitheamh 2021). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Márta 2024. Dáta rochtana: 11 Meitheamh 2024.
  17. Ethan Moser (30 Márta 2021). "Irish language Snatch Game event Cluiche Snatch seeks participants". GCN. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 Márta 2021. Dáta rochtana: 1 Aibreán 2024.
  18. "Tús Áite: Mír na Meán". RTÉ (07 Iúil 2021). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 Márta 2024. Dáta rochtana: 11 Meitheamh 2024.
  19. Seán Ó Dubhchon (04 Meán Fómhair 2023). "Ainmniúchán do na GALAS faighte ag trí ghrúpa Gaeilge". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 04 Deireadh Fómhair 2023. Dáta rochtana: 10 Meitheamh 2024.
  20. Caoimhe Ní Chathail (15 Meitheamh 2022). "Féile na Gealaí: Scoth an cheoil agus na sluaite Gael ag damhsa". Irish Independent (Seachtain). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 10 Meitheamh 2024.
  21. "Scéim Cónaitheachta AAG ar Oileán Chléire 2024 – Spriocdháta ar Iarratais". BÁC le Gaeilge. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Márta 2024. Dáta rochtana: 29 Márta 2024.
  22. 22.0 22.1 "Scéim Cónaitheachta AAG ar Oiléan Chléire 2024". AerachAiteachGaelach (05 Nollaig 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024. Dáta rochtana: 25 Márta 2024.
  23. "Buaiteoirí na spáranachtaí cónaitheachta i gCléire 2024". AerachAiteachGaelach (19 Feabhra 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024. Dáta rochtana: 25 Márta 2024.
  24. "Meitheal LADTA+ Téarmaíochta agus Aistriúcháin". AerachAiteachGaelach (05 Márta 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Márta 2024. Dáta rochtana: 29 Márta 2024.
  25. "Trí ainmniúchán d’AAG ag Gradaim an International Dublin Gay Theatre Festival 2023". AerachAiteachGaelach (14 Bealtaine 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Márta 2024.
  26. "Bua ag AAG sna GALAS". AerachAiteachGaelach (8 Deireadh Fómhair 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024.
  27. "Comórtais Liteartha don Scríbhneoir Fásta". An tOireachtas. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Samhain 2023.